Jessica Alba
Ní mór feabhas a chur ar an litriú agus/nó ar an ngramadach san alt seo. Ná bain an chlib seo den alt ach i ndiaidh do chainteoir dúchais nó líofa súil a chaitheamh air, le do thoil.
Tar éis an t-alt a cheartú, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. |
Is aisteoir teilifíse agus scannán agus mainicín Meiriceánach í Jessica Marie Alba (rugadh 28 Aibreán, 1981). Bhunaigh sí The Honest Company sa bhliain 2011.[1][2]
Ina dhiaidh sin, bhí páirt ag Alba i roinnt scannán, lena n-áirítear Honey (2003), Sin City (2005) agus Good Luck Chuck (2007).[3] Tá roinnt dámhachtainí buaite aici as a cuid aisteoireachta. I measc na ndámhachtainí seo tá an dámhachtain “Choice Actor” ag an Teen Choice Award agus an Saturn Award. Bhain sí an dá ghradam seo as a cuid aisteoireachta sa tsraith Dark Angel.
Bhí sí liostaithe sa rannóg "Hot 100" de Maxim gach bliain ó 2003 go 2007,[4][5][6][7] agus vótáil FHM í World's Sexiest Woman (an Bhean is-Gnéasúil sa Domhan) sa bhliain 2007.[8] I Mí Márta 2007, d'úsáideadh pictiúr di ar chlúdach Playboy gan cead an aisteora. Níos déanaí, mar thoradh air sin, tionscnaíodh cás dlí idir Jessica agus Playboy.[9]
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Alba i Pomona, California. De shíolrach Danmhairgach, Éireannach, Albanach, Sasanach, Breatnach, Gearmánach agus Ceanadach-Francach a máthair, Catherine. Is Meicsiceach-Meiriceánach é a hathair, Mark, de shíolrach Giúdach-Seafardach , Spáinneach agus Máigheach.[10][11] Tá deartháir níos óige aici darb ainm Joshua. Bhí athair Alba san Aerfhórsa agus mar thoradh ar a ghairm bheatha bhí cónaí orthu i go leor áiteanna éagsúla, i mBiloxi, Mississippi agus Del Rio, Texas, sular fhill siad ar Chalifornia nuair a bhí sí naoi mbliana d'aois.[12] Bhí drochshláinte aici nuair a bhí sí óg. , Bhí scamhóga leathshleabhctha aici, bhí niúmóine uirthi ceithre nó cúig huaire sa bhliain agus bhí fadhbanna aici le haipindic réabtha agus cist chéislíneach.[13] Chuir Alba in iúl go raibh neamhord éigníoch dúghafach uirthi nuair a bhí sí óg.[14][15] Bhí an plúchadh uirthi freisin ó bhí sí ina leanbh. De réir a chéile, bheadh Alba scoite amach ó leanaí eile ar scoil, toisc go raibh sí san ospidéal chomh minic sin. Mar gheall ar a tinnis, ní raibh aithne mhaith ag aon duine uirthi chun cairdeas a dhéanamh léi. Dúirt sí gur chuidigh gluaiseacht rialta a teaghlaigh lena leithlisiú óna comhghleacaithe. D'imigh sí ar aghaidh ón Ardscoil Claremont ag aois 16, agus d’fhreastail sí ar an Atlantic Theatre Company ina dhiaidh sin.[16]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Alba ag iarraidh aisteoireacht ó bhí sí cúig bliana d’aois. Thóg sí a céad rang aisteoireachta nuair a bhí sí 12. Shínigh gníomhaire aisteoireachta í naoi mí ina dhiaidh sin.[17][18] Bhí a céad ról scannáin i Camp Nowhere sa bhliain 1994. Ar dtús, níor fostaíodh í ach ar feadh coicíse, ach d'oibrigh sí ar feadh dhá mhí nuair d'éirigh aisteoir eile as.[19]
Bhí páirt ag Alba in dhá fógraíochtaí náisiúnta nuair a bhí sí ina leanbh. Bhí ceann acu seo ar son Nintendo agus an ceann eile do JC Penney. Bhí ról Jessica aici i dtrí eipeasóid den tsraith grinn Nickelodeon The Secret World of Alex Mack.[16] Bhí an ról de Maya sa tsraith theilifíse Flipper ag Alba.<ref">"Jessica Alba Goes To 'Sin City'". CBS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-11-02. Dáta rochtana: 2023-09-12.</ref> Ba gharda tarrthála í a máthair, agus mhúin sí do Jessica snámh sula bhféadfadh sí siúl. Is tumadóir scúba deimhnithe í.[20]
Sa bhliain 1998, bhí páirt aici i Brooklyn South, in dhá eipeasóid de Beverly Hills, 90210 agus in eipeasóid de The Love Boat: The Next Wave.[21] Tar éis bhain Alba céim ardscoil amach, rinne sí staidéar ar aisteoireacht le William H. Macy agus a bhean, Felicity Huffman, ag an Atlantic Theatre Company.[16]
D'éirigh sí níos cáiliúla i Hollywood tar éis a páirt le Drew Barrymore greann rómánsúil Never Been Kissed sa bhliain 1999, agus a príomhról sa scannán grinn-uafás 1999 Idle Hands.[22] Roghnaíodh í as grúpa 1,200 aisteoir don ról an tsaighdiúra géin-innealtóireachta ar an tsraith theilifíse ficsean eolaíochta FOX, Dark Angel. Bhí an tsraith ar siúl ar feadh dhá shéasúr ó 2000 go 2002. Moladh Alba do Golden Globe as a cuid oibre ar an tsraith sin.[23] Nuair a bhí sí ag traenáil le bheith in Dark Angel, bhí uirthi lán aclaíocht a dhéanamh, agus thug sí go leor ocras di féin. Dúirt sí “Bíonn neamhoird itheacháin ar a lán cailíní, agus mise freisin. D'éirigh mé dúghafa leis." Bhí neamhord éigníoch dúghafach agus taomanna scaoill uirthi freisin. Dúirt sí go bhfuil sí ag cócaireacht di féin ó dhá bhliain déag d’aois, ionas nach n-éireodh sí chomh ramhar le duine den teaghlach.[24]
Tá cuid de na róil scannáin is cáiliúla ag Alba mar rinceoir i Sin City, agus mar Sue Storm, sna Fantastic Four, an Bhean Dofheicte Marvel Comics. Bhí páirt aici freisin in Into the Blue sa bhliain 2005, agus i Good Luck Chuck cúpla bliain ina dhiaidh sin.[25] Sa bhliain 2008, d’imir Alba a céad ról scannán uafáis in The Eye, athleagan de scannán Hong Cong.[11] Mí Feabhra, chuir sí searmanas Academy of Motion Picture Arts and Sciences i láthair.[26] Níos déanaí sa bhliain, bhí páirt aici sa Love Guru.
Bhí Alba i gcúig scannáin sa bhliain 2010, Little Fockers agus The Killer Inside Me san áireamh. An bhliain dár gcionn, bhí sí i Spy Kids 4.
Íomhá phoiblí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2007, liostáil Maxim Magazine Alba mar uimhir 2 ina "Top 100", taobh thíos de Lindsay Lohan.[27] Bhí sí ar chlúdach na hirise GQ mí Mheithimh 2007.[28] Mí na Bealtaine, tar éis ocht milliún vóta, dúirt FHM (eagráin na Ríocht Aontaithe agus Stáit Aontaithe Mheiriceá) gurbh ise an “Bean Is Gnéasúil sa Domhan, 2007”.[8] Fuair sí Teen Choice Award mar Aisteoir Rogha agus Gradam Satarn don Aisteoir Is Fearr (Teilifís) as a ról in Dark Angel, agus ainmniúchán Golden Globe. Sa bhliain 2006, fuair sí Gradam Scannán MTV as "Léiriú Is Gnéasúil" do Sin City.[29]
Dúirt daoine áirithe go raibh aisteoireacht Alba go dona. Ainmníodh í le haghaidh Gradam Razzie 2007 don Aisteoir Is Measa as a cuid oibre in Awake, Good Luck Chuck, agus Fantastic Four: Rise of the Silver Surfer.[30]
Ar chlúdach eagrán mhí Márta 2006, dúradh san iris Playboy go raibh Alba i measc na "25 Duine Cáiliúla is Gnéasúil" agus “Réalta Gnéis na Bliana”. Chuir sí an dlí ar Playboy as pictiúr di a úsáid gan a cead. Mar sin féin, d'éirígh sí as an gcás dlí ina dhiaidh sin, nuair a fuair sí leithscéal pearsanta ó úinéir Playboy, Hugh Hefner. D'aontaigh sé síntiúis a thabhairt do dhá charthanas a dtacaíonn Alba leo.[9]
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mar Chaitliceach Rómhánach a tógadh Alba.[10] Nuair a bhí sí ina déagóir, d'iompaigh sí ina Críostaí Athbheirthe.[31] D’fhág sí an eaglais tar éis ceithre bliana mar shíl sí gur rinneadh breithiúnas uirthi ar an cuma a bhí uirthi. Dúirt sí go gcreideann sí fós i nDia cé nach ball den eaglais í.[32]
Ní raibh Alba ar an scáileán nocht riamh. Thug stiúrthóirí an scannáin, Frank Miller agus Robert Rodriguez, an rogha di a bheith nocht i Sin City. Dhiúltaigh sí, ag rá, "Ní dhéanaim an nochtacht. Ní féidir liom. B’fhéidir go fágann sé sin droch-aisteoir dom. B’fhéidir nach bhfostófar mé i roinnt rudaí. Ach tá an iomarca imní orm".[33]
Thosaigh Alba cumann le ball eile den fhoireann aisteoirí, Dark Angel, Michael Weatherly, agus iad ag scannánaíocht. Údar chonspóid a bhí sé seo, toisc go raibh sé 13 bhliain níos sine ná í. D'iarr sé uirthi é a phósadh ar a fichiú breithlá, ach bhris siad suas tar éis ceithre bliana le chéile.[34][11] Faoi ceist leanaí, dúirt sí, "Táim an-ghirseach maidir le páistí. Bíodh leanaí i mo thimpeall mo shaol ar fad mar is mise an ceann is sine as 15 col ceathrar – tá mé ag athrú (clúidíní) ó bhí mé sé bliana d’aois... Ba mhaith liom cúpla a bheith agam, cinnte."[35]
Is Daonlathach í Alba agus d’fhreastail sí ar Choinbhinsiún Náisiúnta Daonlathach 2012 chun a tacaíocht a thabhairt d’atoghadh an t-Uachtaráin Obama.[36]
Phós Alba Cash Warren, mac an aisteoirí Michael Warren, an 19 Bealtaine, 2008 i Los Angeles, California.[37] Bhuail sí leis agus í ag déanamh The Fantastic Four sa bhliain 2004.[38] An 7 Meitheamh 2008, saolaíodh chailín leanbh darb ainm Honor Marie Warren di.[39] An 13 Lúnasa, 2011, rugadh a dara hiníon, Haven Garner Warren, di. An 31 Nollaig 2017, rug a céad mhac, Hayes Alba Warren, di.
Déanann sí roinnt obair charthanachta freisin[40], leis an carthanas éadaí Clothes Off Our Back agus an carthanas ban Step Up Women's Network san áireamh.[41][42]
Scannánaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bliain | Teideal | Ról | Nótaí |
---|---|---|---|
1994 | Camp Nowhere | Gail | Faoi ainm Jessica Marie Alba |
1995 | Venus Rising | Eve Óg | |
1999 | Never Been Kissed | Kirsten Liosis | |
Idle Hands | Molly | ||
P.U.N.K.S. | Samantha Swoboda | ||
2000 | Paranoid | Chloe | |
2003 | The Sleeping Dictionary | Selima | 'DVD Exclusive Award' don Aisteoir Is Fearr i scannán díreach go DVD |
Honey | Honey Daniels | Ainmniúchán don Teen Choice Awar don póg agus splanc is fearr (le Mekhi Phifer) Ainmniúchán don Teen Choice Award don réalta thar oíche scannán – bean Ainmniúchán don Teen Choice Award don ban-aisteoir is fearr i drámaíochta nó eachtraíochta | |
2005 | Sin City | Nancy Callahan | Ainmniúchán don Teen Choice Award don ban-aisteoir is fearr i drámaíochta nó eachtraíochta Ainmniúchán don Gradam Satarn don ban-aisteoir tánaisteach is fearr MTV Movie Award don Léiriú Is Gnéasúil Ainmniúchán don Gradam ALMA don ban-aisteoir tánaisteach Ainmniúchán don Critics Choice Award foireann aisteoireacht is fearr |
Fantastic Four | Sue Storm/Invisible Woman | Ainmniúchán don Teen Choice Award don ban-aisteoir is fearr i scannán i drámaíochta nó eachtraíochta Scream Award don Sárlaoch Is Gnéasúil Ainmniúchán – Gradam Imagen don ban-aisteoir is fearr Ainmniúchán – MTV Movie Award don foireann nó laoch is fearr sa scannán Ainmniúchán – Gradam Blimp don ban-aisteoir is fearr i scannán Ainmniúchán – Gradam Razzie don ban-aisteoir is measa | |
Into the Blue | Sam | Ainmniúchán – Gradam Razzie don ban-aisteoir is measa | |
2007 | The Ten | Liz Anne Blazer | |
Fantastic Four: Rise of the Silver Surfer | Sue Richards/Invisible Woman | Gradam Blimp don ban-gaiscíoch is fearr i scannán Ainmniúchán don Teen Choice Award don Choice Movie: Action Adventure & Hissy Fit Ainmniúchán – Gradam Razzie don ban-aisteoir is measa & Screen Couple | |
Good Luck Chuck | Cam Wexler | Ainmniúchán – Gradam Razzie don ban-aisteoir is measa & Screen Couple | |
Awake | Sam Lockwood | Ainmniúchán – Gradam Razzie don ban-aisteoir is measa & Screen Couple | |
Meet Bill | Lucy | ||
2008 | The Eye | Sydney Wells | Ainmniúchán – Gradam Razzie don ban-aisteoir is measa Teen Choice Award don ban-aisteoir is fearr i scannán: uafás/scéinséir |
The Love Guru | Jane Bullard | Ainmniúchán – Gradam Razzie don ban-aisteoir is measa | |
2010 | The Killer Inside Me | Joyce Lakeland | Gradam Razzie don ban-aisteoir tánaisteach is measa |
Valentine's Day | Morely Clarkson | Gradam Razzie don ban-aisteoir tánaisteach is measa | |
Machete | Special Agent Sartana Rivera | Gradam Razzie don ban-aisteoir tánaisteach is measa | |
An Invisible Sign | Mona Gray | ||
Little Fockers | Andi Garcia | Gradam Razzie don ban-aisteoir tánaisteach is measa | |
2011 | Spy Kids 4: All the Time in the World | Marissa Cortez Wilson | Ainmniúchán – Gradam Blimp don 'Favorite Butt Kicker' |
2013 | A.C.O.D. | Michelle | |
Escape from Planet Earth | Lena Thackleman | Guth | |
Machete Kills | Special Agent Sartana Rivera | nach luaitear sna creidiúintí | |
2014 | How to Make Love Like an Englishman | Kate | |
Dear Eleanor | Daisy | ||
Stretch | |||
Barely Lethal | Victoria Knox | ||
Sin City: A Dame to Die For | Nancy Callahan | ||
2015 | The Veil | Maggie Price | |
The Wright Girls |
Bliain | Teideal | Ról | Nótaí |
---|---|---|---|
1994 | The Secret World of Alex Mack | Jessica | 3 eagráin |
1995–98 | Flipper | Maya Graham | 27 eagráin. Ainmniúchán – Young Star Award don léiriú is fearr ó ban-aisteoir óg i gclár i rith an lae |
1996 | Chicago Hope | Florie Hernandez | Eagrán: Sexual Perversity in Chicago Hope |
ABC After School Specials | Christy | Eagrán: Too Soon for Jeff | |
1998 | Brooklyn South | Melissa Hauer | Eagrán: Exploring Johnson |
Beverly Hills, 90210 | Leanne | 2 eagráin | |
The Love Boat: The Next Wave | Layla | Eagrán: Remember? | |
2000–02 | Dark Angel | Max Guevara | 52 eagráin Teen Choice Awards don ban-aisteoir is fearr ar teilifís Ainmniúchán don Gradam ALMA don ban-aisteoir thar barr i sraith theilifíse sean ⁊ nua Gradam Saturn don ban-aisteoir is fearr ar teilifís Ainmniúchán – Gradam Saturn don ban-aisteoir is fearr i sraith theilifíse Ainmniúchán – Gradam Golden Globe don Léiriú is fearr ó ban-aisteoir i sraith nua – drámaíochta Ainmniúchán – Young Artist Award don léiriú is fearr i sraith theilifíse drámaíochta – ban-príomhaisteoir óg TV Guide Award don réalta thar oíche na bliana Ainmniúchán – TV Guide Award don ban-aisteoir na bliana i sraith nua Ainmniúchán- Gradam Blimp don ban-gaiscíoch is fearr |
2003 | MADtv | Jessica Simpson | Eagrán: #9.5 |
Rock Me, Baby | í féin | ||
2009 | The Office | Sophie | Eagrán: Stress Relief Ainmniúchán – Gradam ALMA don ban-aisteoir ar teilifís – sraith ghrinn |
2010 | Saturday Night Live | Girlfriend | Eagrán: Jeff Bridges/Eminem agus Lil Wayne |
2014 | The Spoils of Babylon | Dixie Melonworth | Mionsraith 4 eagráin |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "The Honest Co. on growing sales to $350m during a crisis" (en). Vogue Business Talent. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-18. Dáta rochtana: 2020-10-14.
- ↑ "How Jessica Alba Built a Billion-Dollar Business Empire" (en-us). Vanity Fair.
- ↑ "Look at Me".
- ↑ "'Maxim' Top 100 Hot list 2004". USA Today.
- ↑ "MAXIM MAGAZINE Unveils Their ``Hot 100 for 2005; Eva Longoria Crowned #1 This Year". Business Wire. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 Bealtaine 2012. Dáta rochtana: 27 Meán Fómhair 2022.
- ↑ "2006 Hot 100". Maxim. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-03-03. Dáta rochtana: 2020-10-14.
- ↑ "2007 Hot 100". Maxim. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-12-05. Dáta rochtana: 2023-09-12.
- ↑ 8.0 8.1 "It's Jessica". FHM. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-05-04. Dáta rochtana: 2020-10-14.
- ↑ 9.0 9.1 "Playboy Apologizes to Jessica Alba". People. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-03-06. Dáta rochtana: 2020-10-14.
- ↑ 10.0 10.1 "Jessica Alba: Don't Call Me A Latina!!". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-12-05. Dáta rochtana: 2023-09-12.
- ↑ 11.0 11.1 11.2 "Jessica Alba: getting serious". The Belfast Telegraph.
- ↑ "People.com: Jessica Alba". People. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-17. Dáta rochtana: 2020-10-14.
- ↑ "{{{title}}}" (October 3, 2005). OK! magazine: pp.34–39. Dáta rochtana: 12 Nollaig 2007.
- ↑ "My Obsession" (Reprint from Sunday Telegraph). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-05-26. Dáta rochtana: 2022-09-27.
- ↑ Interview on The Tonight Show with Jay Leno; September 26, 2005
- ↑ 16.0 16.1 16.2 "People.com: Jessica Alba". People. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-17. Dáta rochtana: 2020-10-14.
- ↑ "Jessica Alba biography". People. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-06-21. Dáta rochtana: 2020-10-14.
- ↑ Hollywood Life magazine; September/October 2005 pp.44–49; 106.
- ↑ "Jessica Alba Goes To 'Sin City'". CBS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-11-02. Dáta rochtana: 2023-09-12.
- ↑ "Jessica Alba: 5 Things to Know". Hollywood Reporter.
- ↑ "Jessica Alba Goes To 'Sin City'". CBS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-11-02. Dáta rochtana: 2023-09-12.
- ↑ "Look At Me". The Age.
- ↑ "Jessica Alba aims to kill in 'Honey' with own dance moves and sexy style". Knight Ridder Newspapers. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-12-11. Dáta rochtana: 2023-09-12.
- ↑ "Jessica Alba's anorexic hell". AskMen.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-18. Dáta rochtana: 2020-10-14.
- ↑ "MOVIE REVIEWS / She throws force fields. The others fly, turn rubbery and become rocklike. Fantastic? What else do they do?". The San Francisco Chronicle.
- ↑ "Jessica Alba dazzles self-professed nerds as academy hands out science and tech Oscars". Associated Press. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 5 Meitheamh 2008. Dáta rochtana: 14 Deireadh Fómhair 2020.
- ↑ "2007 Hot 100". Maxim. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-12-05. Dáta rochtana: 2023-09-12.
- ↑ "Cóip cartlainne". Style.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-04-15. Dáta rochtana: 2020-10-14.
- ↑ "Jessica Alba Profile". AskMen.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-12-05. Dáta rochtana: 2023-09-12.
- ↑ ""28th Annual Razzie – Award Nominees for Worst Actress"". The Razzies.
- ↑ "Jessica Alba plans a fantastic summer". USA Today.
- ↑ ""Glamour's October Cover Girl — Dark Angel Jessica Alba Reveals Her Obsessions, Love, and God — p.256; October issue on newsstands Sept. 11, 2001"". Glamour Magazine. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 Aibreán 2008.
- ↑ "Hollywood's hottest actresses that refuse to go nude!".
- ↑ "Jessica Alba's Parental Relationship Was Strained By Engagement". Starpulse. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 31 Bealtaine 2008.
- ↑ "Alba: 'I want to have lots of kids'"". Contactmusic.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24 Aibreán 2008.
- ↑ "Celebrities spotted at the Democratic National Convention". Politico.
- ↑ "Jessica Alba Gets Married to Cash Warren!". People Magazine. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-06-21. Dáta rochtana: 2023-09-12.
- ↑ "Jessica Alba Engaged!". People. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-01-13. Dáta rochtana: 2023-09-12.
- ↑ "Jessica Alba has Baby Girl". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-01-08. Dáta rochtana: 2020-10-14.
- ↑ "Jessica Alba Charity Work, Events and Causes". Celebrity Charity. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-01-23. Dáta rochtana: 2020-10-14.
- ↑ "Clothes Off Our Back Foundation". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2 Iúil 2012. Dáta rochtana: 12 Meán Fómhair 2023.
- ↑ "LIFETIME NETWORKS PRESIDENT & CEO ANDREA WONG AND DOVE® SELF ESTEEM FUND TO BE HONORED BY STEP UP WOMEN'S NETWORK ON MAY 9". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Meán Fómhair 2008.